We use cookies on this website. By using this site, you agree that we may store and access cookies on your device.

Maidir Linne

Ról Chomhairle Chondae An Longfoirt

Bunaíodh Ról Chomhairle Chondae An Longfoirt faoi Act Rialtais Áitiúil (Éire), 1898.  Tá sí ar cheann de na 29 Comhairlí Chondae í bPoblacht na hÉireann a fhreastalaíonn ar dhaonra 34,391 (Daonáireamh 2006) agus a chuireann ar fáil réimhse leathan seirbhísí riachtannacha do shaol fisiciúil, eacnamaíoch, soisialta, agus cultúrtha na tire.

Gníomhaíonn Údaráis Áitiúla feidhm ionadaíoch agus oibríochtúil araon mar cuimsíonn córas Rialtais Áitiúil na hÉireann ionadaíocht daonlathach agus ionadaíocht poiblí araon.  Gníomhaíonn baill tofa na Comhairle Chondae ról ionadaíoch go díreach.  Tá 21 ball ó 4 thoghcheantair ag Comhairle Chondae An Longfoirt taobh istigh de theorainn an Chondae.  Toghtar baill na Comhairle de réir an chórais ionadaíochta chionmhar ar feadh thréimse cúig bliain.  Toghtar an Méara ag ballraíocht na Comhairle ag an gcruinniú bhliantiúil a thionóltar de ghnáth i Mí Iúil chuile bliain.  Tugtar “feidhmeanna forchoimeádta” ar an réimhse leathan feidhmeanna a ghníomhaíonn na hionadaithe tofa  agus leagann said seo síos creatlach an pholasaí faoin a n-oibríonn an Bainisteoir Chondae.  I measc na feidhmeanna seo den chuid is mó tá cinntí i dtaobh nithe móra pholasaí mar atá:

  • Glacadh leis an mBuiséad bliantúil
  • Ceadú le haghaidh iasacht airgid
  • Ceapadh agus leasú Pleananna Forbartha
  • Ceapadh, leasú agus cealú fodhlíthe
  • Achtaithe a chur i bhfeidhm
  • Ainmniú daoine le feidhmiú ar chomhlachtaí poiblí eile

Déanann an Chomhairle Chondae a cuid cinntí tré rúnta ag na cruinnithe míosúla.  Feidhmíonn an Bainisteoir Chondae agus a fhoireann an ról oibriochtúil.  Tá freagrach orthu maidir le riarachán laethiúil na Comhairle.  Tugtar “feidhmeanna forchoimeádta” ar na feidhmeanna a chuireanna an Bainisteoir Chondae i ngníomh.  I measc na bhfeidhmeanna seo tá:

  • Fostú fóirne
  • Glacadh le tairiscint
  • Bainistiú ar mhaoin an Údaráis Áitiúil
  • Bailiú rátaí agus cáin
  • Cadú agus diúltú cead pleanála
  • Riarachán laethiúil

Déanann an Bainisteoir Chondae na cinntí tré Ordú Bhainisteora scríofa.  Agus é ag déanamh cinntí caithfidh an Bainisteoir Chondae feidhmiú ar bhealach atá seasmhach i ndáil leis an bpolasaí a bhí socraithe ag na baill tofa agus áird a thabhairt ar a mianta.  Tá cead aige freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ach gan cead vótála a bheith aige.  Aon uair a n-iarrtar air ag an Maor nó na baill tofa, caithfidh an Bainisteoir Chondae lán eolas a bhí aige a chur ar fáil nó soláthar maidir le h-aon ghnó a bhaineann leis an Údarás Áitiúil.  Caithfidh sé na baill tofa a chur ar an eolas sul a dtugann sé faoi oibreacha taobh amuigh de coimeád nó deisiú.  Tig leis an Údarás Áitiúil gan ceadú dó tabhairt faoi oibreacha ar bith mar sin a chuirtear faoin a bhráid, chomh fada agus nach oibreacha iad go gcaithfidh an t-Údarás Áitiúil tabhairt fúthu de réir an dlí.

Coistí Pholasaí Straitéiseach (CPS-eanna)

Foilsíodh moltaí le haghaidh leasaithe ar rialtas áitiúil i gcáipéis pholasaí “Rialtas Áitiúil Níos Fearr – Clár le haghaidh Athraithe”, 1996.  Sí an aidhm atá leis an gClár ná córas rialtais áitiúil a chruthú atá nua-aimseartha, éifeachtach agus acmhainní cearta curtha ar fáil bunaithe ar na prionsabail cearta seo leanas:

  • Cur le daonfhlaitheas áitiúil
  • Feabhas ar sheirbhísí custaiméara
  • Éifeachtacht a fhorbairt
  • Fáil ar acmhainní cearta

Tá bunú Coiste Pholasaí Straitéiseach (CPS-eanna) mar chuid den chlár chun cur le ról na mball tofa maidir le polasaí a dhéanamh.  Scrúdóidh gach CPS go mion réimsí pholosaí ar leith agus tuairisc a chur ar fail don Chomhairle iomlán faoi athraithe a bhfuil gá leo.  Ar an gCoiste tá baill tofa (Comhairleoirí) agus ionadaithe seachtracha ó ghrúpaí/rannóga a bhaineann le hobair na gcoistí.  Tig leat breathnú ar thuilleadh sonraí faoi CPS-eanna na comhairle anseo>>

Cruthaíonn Maor na Comhairle agus Cathaoirleacha na CPS-eanna Grúpa Corparáideach Pholasaí (GCP) a bhfuil ról lárnach aige i bhforbairt agus i gcur le ról na gComhairleoirí.  Ceanglaíonn an grúpa seo obair na CPS-eanna, feidhmíonn sé mar sort caibinéid agus cuireann sé fóram ar fail áit a bhféadfadh an Chondae ar fad aontú faoi sheasaimh pholasí le cur faoi bhráid na Comhairle ar fad.

Grúpaí Seirbhísí/Clár

Cuirtear seirbhísí ar fáil do bhaill an phobail ó Ranna éagsúla Chomhairle Chondae An Longfoirt faoi na Grúpaí Chláir seo leanas atá caigdeánaithe ag na hÚdaráis Áitiúla ar fad:

  1. Títhíocht agus Tógáil
  2. Ionnarbadh Bóthair agus Sábháilteachta
  3. Soláthar Uisce agus Séarachais
  4. Spreagadh Forbartha agus Rialú
  5. Caomhnú Comhshaoil
  6. Áineas agus Áis
  7. Talamhaíocht, Oideachas, Sláinte agus Leas
  8. Seirbhéisí Ilghnéitheacha

Maoiniú Seirbhísí

Is féidir caitheachais Comhairle Chondae An Longfoirt ar sholáthar seirbhísí a rangnú faoi dhá cheannteideal:

  1. Caiteachas (Reatha) Ioncaim: soláthar seirbhísí go laethiúil m.sh. cothabháil títhíochta, cothabháil bóthair rl.  Siad na príomh fhoinsí cistithe le haghaid an chaiteachais ná:
    1. Deontais agus fóirdheontais Rialtais
    2. Rátaí tráchtála
    3. Ioncam ó earraí agus seirbhísí m.sh cíosanna títhíochta, aisíocaíochtí deontas títhíochta, táillí seirbhíse, táillí pleanála, rl.
  2. Caiteachas caipitil: ar chruthú sócmhainní m.sh. tógáil tithe, oibreacha feabhais ar phríomh bhóthraí agus araile  Síad na príomh fhoinsí cistithe ar an gcaiteachais seo ná:
  3. Deontais chaipitil ón státchiste
  4. Fáltais chaipitil m.sh. Reic tithe agus tailte
  5. Iasachtaí

Rialachán  a rialaíonn oibriúcháin Údarás Áitiúil

Oibríonn Údaráis Áitiúla faoi dhlí reachtúil agus cóid shonracha.  Rialaítear a n-oibriúcháin tré:

  • Treoracha AE
  • Reachtaíocht Náisiúnta
  • Reactaíocht Áitiúil m.sh. fo-dhlíthe
  • Polasaithe glactha ag an gComhairle

Freisin, úsáideann Údaráis Áitiúla réimse fada rialacha, nós imeachta agus treorilíne agus iad i mbun cinntí, breitheanna agus moltaí a dhéanamh.  Tá liosta de na nithe seo foilsithe i lamhleabhar ar leith atá réitithe de réir Ailt 16 d’Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, leasaithe.

Freagracht

Tá Cuntaisí an Údaráis Áitiúil faoi réir iniúchadh ag Iniúchóir na Roinne Rialtas Áitiúil atá fostaithe ag an Roinn Comhshaoil, Oighreachta agus Rialtas Áitiúil.  Tá Údaráis Áitiúla faoi réir fiosraithe freisin ag Fear a’ Phobail, an Coimisinéir Faisnéise agus Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.

Formáid agus RangannaTaifead i seilbh Comhairle Chondae An Longfoirt

Tá seilbh ag Comhairle Chondae an Longfoirt ar thaifid ilghnéitheacha ins na formáideacha seo leanas

  • Cóid pháipéir – tá an chuid is mó de thaifid na Comhairle Chondae ins an bhformáid seo
  • Bunachair sonraí ríomhaireachta – faisnéis ar dhiosca
  • Uathphriontála ríomhaireachta
  • Mórleabhair/Cláir
  • Micreascannán/Micrifís – úsáid na formáide an teoranta
  • Clostrealamh/Físeán – faisnéis speisialta teoranta coinnithe sa bhformáid seo

Ranganna Taifead: Coinnítear taifid ag Comhairle Chondae an Longfoirt ar na hábhair leathan mar a leanas:

Riarachán Inmheánach:

Siad na taifid a bhaineann le bainistíocht laethiúil an Chomhairle Chondae.  Mar chuid den fhaisnéis a coinnítear sa láthair seo tá comhfreagras ginearálta agus ábhair mar eagrú cúrsaí tréanála; leagan amach saoire; soláthar oifig le haghaidh foieann; earcú fóirne, íocaíocht, athbhunú agus scor; dáiliú doiciméad faisnéise agus go leor eile.

Polasaí

Is faisnéis í seo a coinnítear faoi chur in eagar agus feidhmiú polasaí na Comhairle a eascraíonn as réimse fada foinsí m.sh. tuarascáileanna teicniúla; tuairim ghairmiúil na fóirne agus comhlachtaí seachtracha; rúnta na Comhairle agus Ordaithe Bhainisteora ar glacadh leo.  Is dócha go mbeidh an anailís ar mholtaí forbartha  a bhaineann le costas, iombualadh agus praiticiúlacht.

Reachtaíocht

Coinníonn an Chomhairle an reachtaíocht náisiúnta go léir a bhaineann le himeachtaí Údaras Áitiúil mar thagairt reachtúil i ndáil le clár a n-oibriúcháin.

Ordaithe/Treoireacha

Sa bhfaisnéis ins an gcatagór seo tá Imlitreacha Roinne curtha chuig an Údarás Áitiúil mar ordaithe/treoirlitreacha i ndáil le riarachán ar na scéimeanna éagsúla.  Tig leis, freisin, taifeadaithe ag foireann ar a dtaithí maidir le hoibriú  scéimeanna da leithéid a bheith ann.

Treoireacha/ Treoirlínte AE

Tá cuid mhaith oibre na seirbhísí poiblí leagtha amach anois i dtreoireacha agus treoirlínte an Aontas Eorpach maidir le gnéithe ar leith den pholasaí a cuireadh i bhfeidhm ag leibhéal an Aontais.  Mar chuid den ábhar ar fáil orthu seo tá faisnéis faoi na treoanna agus mar a thuigtear iad agus mar a chuirtear i bhfeidhm iad.

Cruinnithe na Comhairle Chondae

Tá íachall ar Comhairle Chondae An Longfoirt de réir dlí cruinniú bhliantúil agus cruinniú bhuiséid a thionól gach bliain.  Tagann sí le céile ar bhonn i bhfad níos minice ná seo, áfach, le freastal ar ghnó na Comhairle go héifeachtach.  Bíonn cruinniú míosúil ag Comhairle Chondae An Longfoirt ar an 3ú Céadaoin gach mí (ach amháin Lúnasa) ar 4.00 i.n. de ghnáth i seomra na Comhairle, in Áras an Chondae.  Bíonn an cruinniú Bhliantúil, mar a bhíonn toghchán an Mhéara ar siúl i mí Iuíl gach bliain. Bíonn cruinniú buiséid gach bliain le buiséad an Údaráis Áitiúil don bhliain dar gcionn a mheas.  Bíonn cruinnithe Choiste Polasaí Straitéiseach agus cruinnithe Choiste Limistéir ar bhonn rialta.  Tig leis an Méara cruinniú a thionól ag am ar bith nó tig le cúigear ball ar bith cruinniú a thionól  muna dtugann an Méara cruinniú le céile taobh istigh de sheacht lá, taréis éilimh cúigear ball.  Déantar sraith riaileacha ar a dtugtar “Buan-Ordaithe” ag an gomhairle lena n-imeachtaí a riailiú agus nithe mar fhógra cruinnithe, ord ghnó, vótáil agus a leithéidí a chludach.  Déanann an Méara cathaoirleacht ar chruinnithe na Comhairle agus vóta réitigh aige/aici go dtig leis/léi a úsáid de réir mar is mian leis/léi sa chás go mbíonn vótáil cothrom ann.  Réitítear “Miontuairiscí” scríofa an chruinnithe agus na rúnta ar glacadh leo.  Scaptar na miontúiriscí seo ar na baill lena gcinntiú chomh maith leis an gclár agus fógra le haghaidh an chéid chruinniú eile.  I ndiaidh dóibh a bheith molta, cuidithe agus cinntithe ag an gcruinniú, cuireann an Méara a (h)ainm leo.

Freastal ag Cruinnithe

Tá an ceart ag an mBainisteoir Chondae a bheith i láthair ag cruinnithe na Comhairle agus páirt a ghlacadh ins an díospóireacht amhail is dá mbeadh sé in a bhall ach níl cead vótála aige.  Bíonn baill eile d’fhoireann na Comhairle Chondae i láthair de réir mar is gá.  Soláthraíonn Alt 45 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001 ceart reachtúil, faoi réir coinníollacha speisialta, do na meáin agus do bhaill den phobal araon a bheith i láthair ag cruinnithe na Comhairle.  Más mian le toscaireacht labhairt ag cruinniú Comhairle ní mór fógra faoin a bhfuil ar intinn a chur ar fail don Chomhairle Chondae mí roimh ré.


Toghadh don Chomhairle Chondae

Tá toghcháin áitiúla le bheith ann gach cúig bliaina.  Bíonn vótáil ins na toghcháin áitiúla ar súil ar fud na tire ar an lá céanna.  Tá toghadh don Chomhairle tré ionadaíocht cionmhar agus líontar corrfholúntais sa bhallraíocht de bhárr báis, éirí as nó dícháilithe na mball tofa le ball nua a chomhthoghadh ag na baill atá fágtha.  Tá an tionacht céanna ag an mball comhthofa is a bhí ag an mball ar thóg sé a áit agus éiríonn sé as leis an gcomhlachas Chomhairleoirí i gcoitinne.
Tá Comhairle Chondae An Longfoirt roinnte i 4 Toghcheantair i.e. Baile Uí Mhatháin (6 Baill); Droim Lis (4 Baill); Gránard (4 Baill) agus An Longfort (7 mBall), sé sin toghtar iomlán 21 Bhall go Comhairle Chondae An Longfoirt.  Toghtar an Méara as in ionadaíocht seo.

 Cé tá i dteideal vótála i dtoghchán áitiúil?

Tá daoine 18 mbliana d’aois nó níos mó i deideal clárú le haghaidh vótála i dtoghchán áitiúil don toghcheantar ina gcónaíonn said de ghnáth.  Níl saoránacht Éireannach riachtannach le haghaidh iontofachta le vóta a chaitheamh ag toghchán áitiúil.

Ainmniú Iarrathóirí

Faoi réir dícháilithe atá ceaptha agus neamh-chomhoiriúnachtaí, tá gach duine 18 mbliana d’aois agus níos mó atá ina shaoránach Éireannach, nó gan a bheith ina shaoránach, a chónaíonn sa Stát de ghnáth, cáilithe lena thoghadh mar bhall d’Údarás Áitiúil.  Tá cead ag toghthóir ar bith freisin ainmniúcháin a dhéanamh  ach é a bheith ar chlár na dtoghthóirí don toghcheantar lena bhfuil an t-ainmniúcháin a dhéanamh ach go gcaithfidh an t-iarrtheoir an t-ainmniúcháin a cheadú.  Ní mór d’iarrtheoir éarlais a lóisteáil a aisíocfar má fhaigheann an t-iarrthóir níos mó ná a cheathrú cuid den cuóta.

An Toghchán

Sa Longfort is fostaí sínsearach a bhíonn ina Cheann Comhairimh atá freagrach as láimhseáil an toghcháin agus fógrú na dtorthaí.  Nuair a bhíonn deireadh leis na hainmniúcháin déanann sé/sí socraithe leis an toghchán a reachtáil, ceapadh fóirne a bhfuil gá léi, páipéaraí vótála agus araile.  Caithfidh an t-Údarás Áitiúil Scéimeanna Vótála a dhréachtú don toghcheantar ag sonrú na n-ionad vótála ina mbeidh daoine ag vótáil. Is feidhm fhorchoimeádta í seo ag an gComhairle.