Baill Tofa den Chomhairle Chondae
Tá 18 Ball Tofa ar Chomhairle Chondae An Longfoirt. Tugtar Comhairleoirí Chondae nó Comhairleoirí ar na Baill Tofa de ghnáth. Toghtar na Comhairleoirí le hionadaíocht a dhéanamh ar Thoghcheantar Áitiúil ar leith. Tá iomlán 3 Toghcheantair i gCondae An Longfoirt.
Seo leanas ainmneacha na dToghcheantar Áitiúil agus léiríonn an figiúir idir lúibíní lion na gComhairleoirí a dhéanann ionadaíocht ar an Toghcheantar Aitiúil sin. Is féidir breathnú ar na baill tofa le haghaidh gach toghcheantar faoi láthair trí mhean na nascanna thíos.
Toghtar Comhairleoirí gach 5 bliaina ag na Toghcháin Áitiúla. Bhí an Toghchán Áitiúil deiridh í 2019. Tá na forálacha reachtúla a bhaineann le cáilitheacht mar Chomhairleoir agus nithe comhghaolmhara leagtha síos i gCuid 3 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001.
Tá na forálacha reachtúla a bhaineann le Toghacháin Áitiúla a eagrú leagtha síos i gCuid 4 den Acht Rialtais Áitiúil 2001. D’fhoráiligh an t-Acht d’eagrú Toghacháin Áitiúla i 2001 agus gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin. Seoltar na Toghacháin Áitiúla le húsáid a bhaint as an gcóras ionadaíochta chionmhar agus “Aonvóta Inaistrithe” amháin ag tóghthóirí. Tá sainmhíniú ar “Aonvóta Inaistrithe” ar fail i “Rannóg 37 den Act um Thoghchán, 1992.